Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 8:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,

2. mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.

3. Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.

4. Dá mbeadh sé ar talamh ní bheadh sé ina shagart ar aon chor mar tá sagairt ann cheana chun na tabhartais a ofráil de réir an dlí,

5. siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”

6. Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idirghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe.

7. Dá mbeadh an chéad chonradh gan locht ní bheadh call leis an dara ceann.

8. Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: “Féach! a deir an Tiarna, tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá.

9. Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.

10. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

11. Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, á rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 8