Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 7:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht.

8. Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.

9. D'fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám.

10. Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.

11. Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.

12. Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith.

13. Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh.

14. Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.

15. Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic.

16. Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.

17. A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

18. Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 7