Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 7:21-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”

22. Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.

23. Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.

24. Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.

25. Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

26. Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;

27. sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.

28. Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 7