Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 7:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shailéim,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.

3. Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo.

4. Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó.

5. De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachaithe a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iadsan freisin.

6. Ach d'ainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú d'fhear na ngealltanas.

7. Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht.

8. Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.

9. D'fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám.

10. Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.

11. Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.

12. Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith.

13. Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh.

14. Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 7