Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 7:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh.

14. Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.

15. Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic.

16. Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.

17. A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

18. Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht.

19. Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.

20. Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd.

21. Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”

22. Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.

23. Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 7