Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 5:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.”

6. Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

7. Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.

8. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d'fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d'fhulaing sé.

9. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó

10. agus d'fhógair Dia gurb ardsagart é ar nós Mheilcizidic.

11. Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta.

12. Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.

13. Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc [domhain] i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán.

14. Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 5