Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 5:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.

3. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.

4. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.

5. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.”

6. Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

7. Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.

8. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d'fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d'fhulaing sé.

9. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó

10. agus d'fhógair Dia gurb ardsagart é ar nós Mheilcizidic.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 5