1. Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.
2. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.
3. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.