Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 3:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála san fhásach

9. mar ar chuir bhur n‑aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain.

10. Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: ‘Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.’

11. Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ”

12. Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.

13. Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.

14. Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.

15. Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,”

16. caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d'fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?

17. Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin san fhásach?

18. Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó. 19 Feicimid, mar sin, gur de dheasca a [n‑easumhlaíochta] nárbh fhéidir leo dul isteach ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 3