Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 2:9-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.

10. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.

11. Óir is d'aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu,

12. á rá: “Inseoidh mé d'ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,”

13. agus arís: “Is air a bheidh mo sheasamh,” agus arís eile: “Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.”

14. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,

15. agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt.

16. Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám.

17. Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.

18. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 2