Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 13:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.

5. Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”

6. Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”

7. Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d'fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.

8. Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.

9. Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.

10. Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di.

11. Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n‑ainmhithe a dtugann an t‑ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.

12. Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.

13. Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.

14. Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht.

15. Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 13