Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 12:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?

10. Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimis páirteach ina naofacht féin.

11. Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd.

12. Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga

13. agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.

14. Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;

15. féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.

16. Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin.

17. Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.

18. Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling,

19. blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo

20. mar nach bhféadfaidís cur suas leis an ordú a tugadh dóibh: “Má bhaineann ainmhí féin leis an sliabh clochfar é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 12