Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 12:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

4. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.

5. Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.

6. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”

7. Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air?

8. Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird.

9. Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?

10. Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimis páirteach ina naofacht féin.

11. Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd.

12. Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga

13. agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.

14. Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 12