Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 1:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;

2. ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.

3. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

4. agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t‑ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n‑ainm siúd.

5. Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m'Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”?

6. Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 1