6. Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
7. Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna
8. agus táim á sheoladh chugaibh d'aon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí.
9. Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siadsan daoibh a bhfuil ag titim amach anseo.
10. Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.
11. Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
12. Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
13. Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil.
14. Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.
15. Tugaigí mo bheannachtsa do na bráithre i Láoidícéa agus do Numfa agus don eaglais a thagann le chéile ina teach.
16. Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n‑aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa.
17. Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”
18. Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.