Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 3:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.

16. Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.

17. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.

18. A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.

19. A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.

20. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.

21. A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu.

22. A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.

23. Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh á dhéanamh,

24. ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís.

25. Agus cúiteofar an éagóir le fear déanta na héagóra chomh maith céanna mar níl aon leatrom [ag baint le Dia].

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 3