Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 3:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.

2. Bíodh bhur n‑aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.

3. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost.

4. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

5. Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.

6. Is nithe iad sin a tharraingíonn fearg Dé anuas [ar dhaoine].

7. Bhí sibhse tugtha do na nithe sin tráth mhair sibh ina measc.

8. Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.

9. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha

10. agus nádúr nua curtha umaibh - nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air.

11. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.

12. Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.

13. Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.

14. Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 3