Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 2:5-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.

6. Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis.

7. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.

8. Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.

9. Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha

10. agus tá sibhse tagtha chun iomláine ann. Is é ceann gach tiarnais agus údaráis é.

11. Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.

12. Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.

13. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,

14. agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

15. Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.

16. Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.

17. Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t‑ábhar féin.

18. Agus ná ligigí d'aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n‑aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.

19. Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 2