Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 2:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,

14. agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

15. Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.

16. Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.

17. Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t‑ábhar féin.

18. Agus ná ligigí d'aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n‑aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.

19. Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.

20. Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh bheith ag géilleadh do rialacha ar nós:

21. “Ná bain leis seo,” “Ná blais é sin,” “Ná teagmhaigh leis siúd,” amhail agus dá mbeadh sibh ag maireachtáil sa saol go fóill?

22. Rialacha is ea iad sin a bhaineann le nithe a ídítear sa chaitheamh agus gan iontu ach orduithe agus teagasc daonna.

23. Tá gan amhras, cuma na heagna orthu lena gcuid forchráifeachta agus uirísleachta agus cránas coirp, ach ní fiú biorán iad chun an chollaíocht a shrianadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 2