Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 2:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm.

2. Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,

3. is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.

4. Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.

5. Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.

6. Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis.

7. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.

8. Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.

9. Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 2