Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Colosaigh 1:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid -

2. guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.

3. Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,

4. mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile

5. toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal

6. a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.

7. Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;

8. agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.

Léigh chaibidil críochnaithe Colosaigh 1