Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 8:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé.

5. Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.

6. Ansin phrapáil na seacht n‑aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh.

7. Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.

8. Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.

9. Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.

10. Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

11. “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.

12. Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.

13. Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 8