Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 7:9-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.

10. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!”

11. Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n‑aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 7