10. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!”
11. Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n‑aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé
12. á rá: “Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.”
13. Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?”
14. Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.
15. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;
16. ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg.
17. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”