Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 6:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.

6. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”

7. Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”

8. D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.

9. Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.

10. Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”

11. Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 6