1. Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”
2. D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.
3. Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.”
4. Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.
5. Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.
6. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”
7. Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”
8. D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.
9. Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.