Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 5:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir.

8. Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.

9. Chan siad iomann nua á rá:“Is fiú thú an scrolla a ghlacadh,agus a shéalaí a bhriseadh,óir básaíodh thú agus d'fhuascail túdaoine do Dhia le d'fhuil,as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,

10. agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia,agus rialóidh siad ar talamh.”

11. Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 5