4. Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.
5. Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
6. Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.
7. Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir.