Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 5:11-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.

12. Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”

13. Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”

14. Agus dúirt na ceithre dúile: “Amen.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 5