Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 5:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;

2. agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”

3. Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.

4. Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.

5. Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”

6. Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.

7. Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir.

8. Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.

9. Chan siad iomann nua á rá:“Is fiú thú an scrolla a ghlacadh,agus a shéalaí a bhriseadh,óir básaíodh thú agus d'fhuascail túdaoine do Dhia le d'fhuil,as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 5