Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 22:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.

2. Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.

3. Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é,

4. agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n‑éadain.

5. Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.

6. Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.

7. Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 22