Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 21:6-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.

7. An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.

8. Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

9. Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”

10. Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia,

11. agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail.

12. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael;

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 21