Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 21:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael;

13. bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar.

14. Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain.

15. Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.

16. Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile.

17. Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal.

18. Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine.

19. Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid;

20. an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t‑ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t‑aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 21