Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 20:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Níor tháinig an t‑anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí.

6. Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis.

7. Ar chomhlíonadh an mhíle bliain, scaoilfear Sátan as a ghéibheann,

8. agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhagóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua.

9. Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d'alp iad.

10. Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.

11. Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 20