Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 19:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.

15. Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.

16. Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”

17. Ansin chonaic mé an t‑aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic neimhe: “Tagaigí agus cruinnigí chun fleá mhór Dé,

18. chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”

19. Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.

20. Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

21. Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 19