Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 18:16-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. á rá:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid,agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.

17. Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.”Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach

18. agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?”

19. Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais;in aon uair amháin scriosadh í.

20. A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe,bíodh lúcháir oraibh dá barr.Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

21. Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá:“Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht,gan fáil uirthi feasta.

22. Agus ní chloisfear a thuilleadh ionatceol na gcruitirí, ná na gcantairí,ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí.Ní bheidh ceardaí aon cheirde,le fáil ionat a thuilleadh;ná ní bheidh glór an mhuilinnle clos ionat feasta.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 18