Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 18:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.

2. Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá:“Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór!Rinne nead lonnaithe deamhan di,agus daingean gach spioraid mhíghlain,agus tearmann gach éin bhréin,[agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;

3. óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais.Rinne ríthe an domhain striapachas léiAgus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”

4. Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá:“Amach libh aisti, a phobal liom,i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta,agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.

5. Óir shroich a cionta na flaithisagus thug Dia a héagóra chun cuimhne.

6. Díolaigí an comhar léi;cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi.An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile],meascaigí dise é le dúbailt tomhais.

7. De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach,tugaigí di peannaid agus doilíos.Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir;ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’

8. Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánnabás agus doilíos agus gorta,agus loscfar í le tine.Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”

9. Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;

10. agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad:“Is mairg duit, is mairg a chathair mhór,a Bhablóin, a chathair thréan,óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”

11. Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta -

12. lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;

13. ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.

14. “Tá fómhar mór mhiangas d'anama éalaithe uait.Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.”

15. Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón,

16. á rá:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid,agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 18