Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 16:13-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus chonaic mé trí spioraid neamhghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige -

14. spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.

15. “Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”

16. Agus chruinnigh siad iad chun na háite ar a dtugtar Harmagadón san Eabhrais.

17. Dhoirt an seachtú haingeal a shoitheach ar an aer agus tháinig an guth tréan as an teampall ón ríchathaoir, á rá: “Tá sé curtha i gcrích!”

18. Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.

19. Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.

20. Theith gach oileán agus ní raibh fáil ar na sléibhte.

21. Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 16