Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 15:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá:“Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha,a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.Is cóir agus is fíor do chasáin,a rí na gciníocha.

4. Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna,agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm?Óir is tú amháin is naofa.Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós,óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

5. Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,

6. agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.

7. Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.

8. Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 15