Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 14:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.

2. Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

3. Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.

4. Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan,

5. agus ní bhfuarthas bréag ina mbéal. Tá siad gan cháim.

6. Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.

7. Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”

8. Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”

9. Lean aingeal eile iad, an tríú ceann, agus é ag glaoch go hard á rá: “Má shléachtann aon duine don bheithíoch agus dá dhealbh agus a chomhartha a ghabháil chuige ar a éadan nó ar a lámh,

10. ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.

11. Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”

12. Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 14