Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 13:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé:

10. “Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé.Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh.Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”

11. Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.

12. Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.

13. Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.

14. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 13