Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 13:15-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.

16. Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n‑éadan

17. agus sin i dtreo nach bhféadfadh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh is é sin, nó uimhir a ainm, a bheith air.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 13