Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 13:13-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.

14. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.

15. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.

16. Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n‑éadan

17. agus sin i dtreo nach bhféadfadh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh is é sin, nó uimhir a ainm, a bheith air.

18. Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean!

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 13