Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 13:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n‑adharc agus seacht g ceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n‑adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn.

2. Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.

3. Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.

4. Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”

5. Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.

6. D'oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n‑áitreabh acu sna flaithis.

7. Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.

8. Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

9. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé:

10. “Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé.Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh.Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”

11. Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 13