7. Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D'fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,
8. ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n‑ionad sna flaithis feasta.
9. An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.
10. Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.
11. Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.
12. Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”
13. Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic.
14. Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.
15. Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d'fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.
16. Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.
17. Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.
18. Agus sheas sé ar bhruach na farraige.