Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 10:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,

2. agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh,

3. agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.

4. Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”

5. Agus an t‑aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d'ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus

6. mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,

7. ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d'fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.”

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 10