Sean-Tiomna

Tiomna Nua

3 Eoin 1:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.

2. A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin.

3. Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú san fhírinne.

4. Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.

5. A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.

6. Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.

7. Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.

8. Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne.

9. Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.

10. Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.

11. A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.

12. Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas.

13. Bhí mórán agam le scríobh chugat ach ní mian liom iad a chur síos le peann agus le dúch.

14. Tá súil agam tú a fheiceáil gan mhoill agus labhróimid díreach le chéile.

15. Síocháin ort. Beannaíonn na cairde duit. Beannaighse do gach duine de na cairde as a ainm.

Léigh chaibidil críochnaithe 3 Eoin 1