Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 4:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin

18. agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.

19. Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas.

20. D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.

21. Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat.

22. Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Tiomóid 4