Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 3:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,

7. mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche.

8. Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.

9. Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd.

10. I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.

11. Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.

12. Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.

13. Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.

14. Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uathu a fuair tú an teagasc sin,

15. agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.

16. Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta

17. ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Tiomóid 3