Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 2:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.

15. Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.

16. Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad

17. agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,

18. beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu.

19. Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”

20. Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile.

21. Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Tiomóid 2